Lá Nua – Príomh Leathnach: "olm Ó Broin
Threisigh an chonspóid faoin gclár faisnéise, Fairytale of Kathmandu, inné, agus cáineadh déanta ar iompar an fhile, Cathal Ó Searcaigh, i Neipleal agus moladh ó pholaiteoir áitiúil go ruaigfí an comhlacht léiriúcháin a rinne an clár as Cloch Cheann Fhaola i nGaeltacht Dhún na nGall. Chosain léiritheoir na sraithe, Neasa Ní Chianáin, a cuid saothair ar Nuacht a hAon ar Raidió na Gaeltachta, ach dhiúltaigh sí labhairt le Lá Nua, níos déanaí sa lá. “Tá an clár déanta agus bhí an méid a bhí le rá agam faoin ábhar ráite agam sa chlár,” arsa sí. Shéan sí ar an raidió go ndearnadh eagarthóireacht ar an scannán ar mhaithe le drochíomhá a thabhairt don Uasal Ó Searcaigh. Dúirt RTÉ gur bhreathnaigh 253,000 duine ar an gclár, oíche Dé Máirt, 29.9% den lucht féachana ag an am."
Thursday, March 13, 2008
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
No comments:
Post a Comment